Skip to main content

Clár

    Conas a chuirim isteach ar bhallraíocht?

    Más mian leat a bheith i do bhall den leabharlann, beidh ort foirm iarratais a chomhlánú. Is féidir é seo a dhéanamh ar líne nó i bpearsa sa leabharlann.

    Má líonann tú isteach an fhoirm ar líne, beidh ort cuairt a thabhairt ar leabharlann agus comhartha aitheantais ar a bhfuil grianghraf a thaispeáint (cé thú féin) chomh maith le cruthúnas ar an seoladh baile atá agat faoi láthair (áit a bhfuil tú i do chónaí) chun do bhallraíocht a thabhairt chun críche agus chun do chárta leabharlainne a fháil.

    Agus tú i do bhall den leabharlann, gheobhaidh tú cárta leabharlainne agus Uimhir Aitheantais Phearsanta (UAP).

    Caithfidh cárta leabharlainne a bheith agat chun rudaí a fháil ar iasacht agus beidh gá le d’UAP chun leas a bhaint as na Ríomhairí, seirbhísí ar líne agus chun rudaí a chur in áirithe agus a athnuachan ar líne.

    Is fútsa atá sé deimhin a dhéanamh de nach roinntear d’UAP le haon duine eile, nó nach bhfuil sé scríofa ar do chárta leabharlainne nó taifeadta ar bhealach ar bith eile a d’fhéadfadh sábháilteacht d’UAP a chur i mbaol.

    Más mian le páiste nó duine óg faoi 18 mbliana d’aois ballraíocht a ghlacadh sa leabharlann, caithfidh sé nó sí cead a fháil ó thuismitheoir/caomhnóir leis nó léi agus caithfidh an tuismitheoir/caomhnóir sin glacadh le téarmaí agus coinníollacha na ballraíochta thar a c(h)eann.

    Nuair a bhíonn leanbh nó duine óg i dteideal catagóir iasachtaí a athrú ó bhallraíocht páiste go ballraíocht Aosaigh Óig (12-14), nó ó bhallraíocht Aosaigh Óig (12-14) go ballraíocht Aosaigh Óig (15-17), caithfidh tuismitheoir/caomhnóir leis nó léi glacadh le téarmaí agus coinníollacha na ballraíochta thar a c(h)eann.

    Cén fhad a mhairfidh mo bhallraíocht?

    Maireann do bhallraíocht ar feadh bliain amháin. Féadann tú do bhallraíocht a athnuachan ach glaoch a chur ar do leabharlann áitiúil nó do chuntas ar líne a úsáid chuige sin.

    Cad iad na seirbhísí a bhfuil rochtain agam orthu?

    Agus ballraíocht leabharlainne agat, beidh tú in ann leas a bhaint as na seirbhísí leabharlainne seo a leanas:

    Baill ar Daoine Fásta Iad

    Is féidir le baill ar daoine fásta iad leas a bhaint as gach bailiúchán agus seirbhís leabharlainne agus is féidir leo na ríomhairí sa leabharlann a úsáid chun dul ar an idirlíon.

    Aosach Óg (15-17)

    Tá cead ag baill 15-17 mbliana d’aois leas a bhaint as gach bailiúchán leabharlainne, DVDanna suas go rátáil 15 mbliana d’aois a fháil ar iasacht, agus na ríomhairí sa leabharlann a úsáid chun dul ar an idirlíon*.

    Aosach Óg (12-14)

    Tá cead ag baill 12 - 14 mbliana d’aois leas a bhaint as na bailiúchán do pháistí agus d’aosaigh óga, DVDanna suas go rátáil 12 bhliain d’aois a fháil ar iasacht, agus seirbhísí idirlíne do pháistí a úsáid*.

    Páistí (faoi 12 bhliain d’aois)

    Beidh teacht ag baill faoi 12 ar leabharlann na bpáistí, DVDanna suas go rátáil PG (Treoir Tuismitheora), agus seirbhísí idirlín do pháistí a úsáid.*

    * Tá rochtain idirlín faoi réir an pholasaí rochtain idirlíne atá ag gach leabharlann ar leith agus d’fhéadfadh sé seo a bheith difriúil ag brath ar cén leabharlann ina bhfuil tú – ceistigh foireann do leabharlann áitiúil faoi, le do thoil.

    Cad iad na coinníollacha eile a bhfuil sé éigeantach cloí leo?

    Baineann do chárta leabharlainne leat féin amháin agus ní ceadmhach d’aon duine eile é a úsáid mar sin.

    Tabhair do chárta leabharlainne leat gach uair a thugann tú cuairt ar an leabharlann.

    Iarrtar ort foireann na leabharlainne a chur ar an eolas a luaithe agus is féidir má thagann athrú ar aon cheann de na sonraí a thug tú le linn clárú le haghaidh ballraíochta nó má chailleann tú do chárta leabharlainne.

    Caithfear cloí le cód iompair do leabharlainne le linn duit leas a bhaint as áiseanna leabharlainne agus caithfear cloí freisin le coinníollacha an Achta Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000.

Féach ar liosta sábháilte gníomhach